Seo machnamh (a reflection) deas a scríobh leas-phríomhoide na scoile Bríd Ní Chonchúbhair, don Aifreann “Féile Mhuire Gan Smál” (Feast of the Immaculate Conception Mass) a chéiliúradh i halla na scoile 8/12/15.
Thug páiste amháin ó gach rang coinneal sásta chun na h-altóra ag tús an Aifrinn. D’fhreastal Ranganna 2-6 ann le chéile chomh maith le múinteoirí, tuismitheoirí agus cairde eile.
Gabhaimid buíochas leis an tAthair Seoirse as ucht an Aifrinn.
“Tá draíocht agus gliondar ag baint le solas ón gcoinneal.
Is siombail cumhachtach solas na gcoinnle,
Coinneal dóchas,
Coinneal lúcháireach,
Coinneal an ghrá,
Coinneal le cumhacht,
Coinneal do bhreithlá,
Coinneal do bhéile,
Coinneal don mbaiste,
Coinneal don chéiliúradh.
Treoraíonn an solas seo sinn i ndorchadas an Gheimhridh agus i ndorchadas an tsaoil. Lasann sé dearfacht inár gcroíthe.
Cuireann an solas ag machnamh sinn.”
Comments are closed.