Gaiscígh an Bhia (Food dudes)

Tá na páistí páirteach i gClár Itheacháin Sláintiúil Ghaiscígh an Bhia (Food Dudes) i láthair na huaire. Thosnaigh sé an tseachtain seo caite agus tá sé faoi lán tseoil anois.

Tá sé mar aidhm ag an gclár páistí a spreagadh chun níos mó torthaí agus glasraí a ithe.  Ar feadh 16 lá i ndiaidh a chéile, faigheann na páistí torthaí agus glasraí saor in aisce sa scoil. Ansin spreagfar na páistí chun torthaí agus glasraí a thabhairt leo ón mbaile agus iad a ithe ar scoil mar chuid dá lón laethúil.

Is é aidhm an chlár ná páistí a spreagadh chun torthaí agus glasraí a bhlaiseadh arís is arís ionas gur féidr leo dul i dtaithí orthu. Tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh agus tairbhe as Gaiscígh an Bhia!

Le tuilleadh eolais a fháil ar an gclár agus ar smaointí breise, féach ar an suíomh gréasáin: www.fooddudes.ie

 

 

 

 

 

 

 

Comments are closed.

Designed By