Achainí Bia (Food drive)

food-driveA Thuismitheoirí a chairde,
Tá an Nollaig buailte linn. Tá áthas ins an aer agus ba bhreá linn anseo i nGaelscoil Uí Ríordáin cabhrú le Clann Shiomóin, Focus Ireland agus Dídean Cuanlee anseo i gCorcaigh roinnt stocaí a líonadh i mbliana. Ní hé le bronntanais Nollag ach le bia laethúil go bhfuil gá leis chun cabhrú le teaghlaigh agus páistí timpeall na cathrach Nollaig Shona a bheith acu.
As Christmas has arrived, we here in Gaelscoil Uí Ríordáin wish to help The Cork Simon Community, Focus Ireland and Cuanlee Refuge to fill some Christmas stockings this year; not with Christmas presents but with everyday food items which are needed to help families and children all over Cork City to enjoy a Happy Christmas.
Beidh ACHAINÍ BIA (food drive) againn ón Luan 8ú Nollaig go dtí an Aoine 12ú Nollaig. Baileófar bia laistigh den phríomh doras. Food will be collected inside the main door.
Sa liosta thíos,  tá roinnt smaointí de shaghasanna bia a bheadh oiriúnach. Please find a list of suitable foods below.
Beidh cuireadh caife/tae do thuismitheoirí sa seomra fóirne á eagrú ag coiste na dtuistí ar thabhartas €2 ar an 12ú Nollaig 2i.n – 3i.n. The Parents association are organising a coffee afternoon for parents in the staffroom. There will be a €2 charge and all donations will go towards our chosen charities.
Bheimís buíoch as aon tabhartas agus tacaíocht agus guímid Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir! We appreciate all donations and support and wish you all a very Happy Christmas!
Sinne le meas
Gabriel agus Foireann na Scoile

 

Liosta Bia oiriúnach/Suitable Foods.PDF

Comments are closed.

Designed By