Ag ullmhú d’Oíche Shamhna 2018

Táimid tosnaithe ag ullmhú d’Oíche Shamhna ar scoil.

Bíonn an-spórt agus áthas ar na páistí ag canadh nó ag éisteacht leis an amhrán seo.

Is amhrán nó dán é atá ann, faoi thraidisiúin agus nósanna Oíche Shamhna.

 

Oíche Shamhna 

Nuair a thagann Oíche Shamhna,

Bíonn spraoi againn is spórt,

Rudaí deasa againn le nithe

Císte milis de gach sórt.

Curfá

Ó rattle, rattle, rattle, rattle, rattle, rattle, squeek x2

 

Faighimid báisín uisce,

Cuirfimid deich bpingin isteach

Téimid ag tumadh cinn ann,

Chun an t-airgead a bhaint amach,

Cúrfa

 

Sa bháirín breac tá fáinne,

Píosa éadaigh is cipín,

Bíonn spórt againn á lorg

Sinn de shíor ag déanamh grinn.

Cúrfa

 

Ceol, is glór is scléip is aoibhneas

Idir óg is aosta fiáin.

Áthas i gcroí gach éinne

Oíche Shamhna uair sa bhliain.

Curfá

 

Comments are closed.

Designed By