Liosta-Leabhar-Naíonáin-Mhóra-2019-20 Liosta-Leabhar-Rang-1-2019-20 Liosta-Leabhar-Rang-2-2019-20 Liosta-Leabhar-Rang-3-2019-20 Liosta Leabhar Rang 4 2019-20 Liosta Leabhar Rang 5 2019-20 Liosta Leabhar Rang 6 2019-20

Liosta-Leabhar-Naíonáin-Mhóra-2019-20 Liosta-Leabhar-Rang-1-2019-20 Liosta-Leabhar-Rang-2-2019-20 Liosta-Leabhar-Rang-3-2019-20 Liosta Leabhar Rang 4 2019-20 Liosta Leabhar Rang 5 2019-20 Liosta Leabhar Rang 6 2019-20
Comhghairdeas leis na daltaí ó rang a trí agus ceathair a bhí bainteach le Craobh Uí Chíosáin (Cashman Cup – iomáint faoi 10) . Chuaigh siad timpeall na scoile leis an gcorn inné agus áthas an domhain orthu. Maith sibh a bhuachaillí . An-Ghaisce déanta agaibh.
Bhí cluiche breá dian, comórtasach ag foireann peile na gcailíní ar an bpáirc ilaimseartha an Déardaoin seo caite, 13/6/2019 i gcoinne Gaelscoil Uí Riada. Is léir go mbeidh foireann den scoth ag cailíní Rang 5 agus 6 i mí Meán Fhómhair do chomórtas Sciath na Scol. Slán le cailíní Rang 6, a d’imir a gcluiche deirneach […]
Go n-éirí go geal le Rang a 6 sa Reic Cistí inniu. Tá alán sceitimíní ar na páistí ar fad inniu ar scoil (All very excited) ! Go raibh maith agaibh ar fad as an mbácáil a dhein sibh agus a thug sibh ar scoil ar maidin. Tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh […]
Comhghairdeachas leis an ngrúpa táiplíse de bhuachaillí agus cailíní ó Rang 3, 4, 5, a ghlac pháirt sa chomórtas táiplise i gCluichí an Phobail (Community Games 2019) le déanaí. D’imigh siad chuig Ollscoil Luimní (U.L) le chéile an tseachtain seo caite, áit a raibh craobhcluichí na hÉireann an chomórtas ar siúl. Bhí dhá fhoireann ag […]
Fáilte romhat a Mhichíl, go Tír na n-Óg. Bain taitneamh as na laethanta iontacha geala a chaithfidh tú linn. Gabriel & Gaelscoil Uí Ríordáin.
Tá daltaí Rang a 5 agus scata múinteoirí i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire. Tá siad imithe ar an turas scoile. Is turas scoile é seo a théann siar i bhfad i stair na scoile mar go dtéann páistí Rang a 5 ann gach bliain ó thosnaigh an scoil amach. Fanfaidh siad ann thar […]
A Thuismitheoirí, a chairde, Tá obair iontach déanta ag Ranganna Naíonáin Bheaga Hannah, Naíonáin Mhóra Lisa agus Clár agus Ranganna 1 Eimear agus Diarmuid ar an Scríobh Leabhar Gaeilge. Chun an obair iontach seo a chéiliúradh, táimid ag cur fáilte romhaibh teacht isteach ar an Aoine 31ú Bealtaine chun obair do pháiste a fheiscint sa scoil. Tiocfaidh […]
Comhghairdeas ó chroí leis na leanaí a ghlac an Chéad Chomaoineach, Dé Satharn seo caite 18ú Bealtaine 2019. Bhí gach duine acu go haoibhinn ar fad. Míle buíochas le gach aon duine a d’ullmhaigh iad, idir na tuismitheoirí, na múinteoirí, na cúntóirí speisialta scoile agus na sagairt. Ár mbuíochas leis an gcór binn (choir) agus […]
Bunaíodh an scoil seo sa bhliain 1983. Tá sé mar aidhm againn Bunoideachas Lánghaelach den scoth a thabhairt dod’ pháiste.
Tuilleadh eolais ar fáil anseo
Gaelscoil Uí Ríordáin,
Carraig an Earra,
Baile an Chollaigh,
Co. Chorcaí
Uimhir ghutháin: 021 487 2752
ríomh-phost: runai.gaelscoil@gmail.com