Baile an Chollaigh ag fás….

Comhghairdeas le Rang 5 Niall a tháinig sa tríú háit sa Chomórtas Chorcaí: Tionscnamh Oidhreachta Scoileanna 2023/24 (Discover Cork: Schools’ Heritage Project 2023/24) atá faoi stiúradh ag Ard-Mhéara Chathair Chorcaí Kieran McCarthy.

Chuir Rang Niall tionscnamh staire den scoth le chéile ar Bhaile an Chollaigh ag fás tríd na blianta. Ansin bhí oíche speisialta acu i Halla na Cathrach le déanaí. Bronnadh duais orthu agus déanaimid comhghairdeas leo as an ngaisce seo a bhaint amach.

corkheritage.ie

 

Comments are closed.

Designed By