


Comhghairdeachas le peileadóirí na scoile, na cailíní agus na buachaillí a d’imir go cróga ar an Aoine ag cluichí cheannais Sciath na Scol 2019 i bPáirc Uí Rinn.
Bhí áthas an domhan orainn ar fad agus go háirithe ar na buachaillí a bhuaigh an chraobh agus a thug an Sciath abhaile leo don chéad uair riamh.
Cuireadh fáilte mhór rompu ar fad ó phobal iomlán na scoile nuair a shroich siad na háite ag am lóin. Bhí an-chéiliúradh againn agus táimid an-bhrodúil astu ar fad.
Dhein na cailíní gaisce freisin idir an chraobh a bhaint amach & ag imirt ar an lá ach is ag an bhfoireann ó Scoil Riverstown a bhí an bua sa deireadh. Guímid comhghairdeachas speisialta leo & gabhaimid buíochas leo as imirt linn.
Ár mbuíochas gan dabht chomh maith le foireann na mbuachaillí Scoil Antoine Naofa, Baile an Locha as an-chluiche a imirt linn. Treaslaímid libh ar fad.
Tá roinnt pictiúirí agus físeanna den scoth ón lá ar Twitter na scoile.

Comments are closed.