‘Thugamar féin an Samhradh Linn’
Babóg na Bealtaine, maighdean an tsamhraidh,
Suas gach cnoc is síos gach gleann,
Cailíní maiseach go gealgáireach gléasta,
Thugamar féin an samhradh linn.
Cúrfa:
Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,
Thugamar féin an samhradh linn,
Samhradh buí na nóinín glégeal,
Thugamar féin an samhradh linn.
Thugamar linn é ón gcoill chraobhaigh,
Thugamar féin an samhradh linn,
Samhradh buí ó luí na gréine,
Thugamar féin an samhradh linn.
Cúrfa
Samhradh, samhradh srl…
Tá an fhuiseog ag seinm is ag luascadh sna spéartha,
Áthas do lá is bláth ar chrann,
Tá an chuach is an fhuiseog ag seinm le pléisiúr,
Thugamar féin an samhradh linn.
Cúrfa
Samhradh, samhradh srl…
(Amhrán ón leabhar: Ceolta Gael 2 le Mánus Ó Baoil)
Comments are closed.