Corca Dhuibhne 2019

Tá daltaí Rang a 5 agus scata múinteoirí i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire. Tá siad imithe ar an turas scoile. Is turas scoile é seo a théann siar i bhfad i stair na scoile mar go dtéann páistí Rang a 5 ann gach bliain ó thosnaigh an scoil amach. Fanfaidh siad ann thar oíche, an tseachtain seo le muintir na háite sa Ghaeltacht, taobh thiar den Daingean i gCeann Trá. Tá dhá thuras eagraithe. D’imigh an chéad ghrúpa scoláirí Rang a 5 ar an Luan agus fillfidh siad i lár na seachtaine ar an gCéadaoin. Tá sé beartaithe ansin go rachfaidh an dara ghrúpa ar an gCéadaoin agus go bhfillfidh siad abhaile tráthnóna Dé hAoine.

Nach bhfuil an t-ádh dearg leo leis an aimsir bhreá atá acu thiar ann. Bhí áthas orainn inniu nuair a chualamar go raibh siad ar Thrá na hInse le chéile,  ag spraoi san uisce agus ag sú na gréine.

Is turas scoile iontach é, a thugann blaiseadh do na daltaí óga ar dhúlra, ar chúltúr agus ar an ngaeilge ó dhúchas atá fite fuaite i dtimpeallacht agus áilleacht an cheanntair.

Tá súil againn go mbainfidh siad ar fad taitneamh as agus ansin go mbeidh siad in ann a rá ina dhiaidh “Lá dár saol” a bhí ann.

 

Comments are closed.

Designed By