Comhghairdeachas le Foireann Camógaíochta Sinsear na mBan Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann i gcoinne Cill Chainnigh, an Domhnach seo caite !
D’ardaigh siad Corn Uí Dhufaigh ar Ardán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh ós comhair slua mór.
Gan dabht, táimid ar fad an-bhrodúil as múinteoir Niamh Ní Chaoimh atá mar chaptaen ar Fhoireann Camógaíochta Idirmheánach na mBan Chorcaí a bhí ag imirt i gcoinne Contae na Mí sa chraobh an lá céanna.
Chríochnaigh siad ar chomhscór ach beidh lá eile acu ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair! Corcaigh abú !
Comments are closed.