Lá Uachtar reoite

Bhí iontas na n-iontas againn inniu ar scoil. Bhí cón uachtar reoite ag páistí óga na scoile agus cón uachtar reoite le calóg seacláide ag na páistí móra. Bhí an veain uachtar reoite lonnaithe taobh amuigh don halla agus leanamar clárama i rith an lae chun deis a thabhairt do gach rang dul amach ann. Chuamar amach faoin ngrian chun an uachtar reoite a ithe agus bhíomar ag caint is ag comhrá, agus ag ligint ár scíth le chéile sa Ghaelscoil. Thaitin sé go mór leis na páistí.

Féach ar ais arís an tseachtain seo chughainn chun griangrafanna ón lá a fheiscint anseo.

“An rud is annamh is iontach.”

Gaelscoil Uí Ríordáin abú!

Comments are closed.

Designed By