Ní fada uainn Oíche Shamhna!!!

download-1Amhrán d’ Oíche Shamhna/ A song for Halloween!!!

Nuair a thagann Oíche Shamhna,
Bíonn spraoi againn is spórt,
Rudaí deasa ‘gainn le nithe
Císte milis de gach sórt.

Cúrfa:
O rattle, rattle, rattle, rattle, rattle, rattle, squeek x2

Faighimid báisín uisce,
Cuirfimid deich bpingin isteach
Téimid ag tumadh cinn ann,
Chun an t-airgead a bhaint amach.

Cúrfa

Sa bháírín breac tá fáinne,
Píosa éadaigh is cipín,
Bíonn spórt againn á lorg
Sinn de shíor ag déanamh grinn.

Cúrfa

Ceol is glór ‘scléip ‘s aoibhneas
Idir óg is aosta fiáin.
Áthas i gcroí gach éinne
Oíche Shamhna uair sa bhliain.

Comments are closed.

Designed By