Oíche Nollag, le Máire Mhac an tSaoi

Oíche Nollag,

le Máire Mhac an tSaoi

Le coinnle na n-aingeal an spéir amuigh breactha,
fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc;
Adaigh an tine is téir chun na leapa:
Luífidh Mac ins an teach seo anocht.

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An
Mhaighdean a thiocfaidh is a Naí ar a hucht;
Deonaigh do shuaimhneas a ligean, a Mhuire,
Luíodh Mac ins an teach seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dteach sin na haíochta,
Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,
Do
cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach
luífidh Mac ins an teach seo anocht.

Comments are closed.

Designed By