Guímid gach rath ar Bhríd Ní Chonchubhair, Leas-Phríomhoide na scoile (Deputy Principal) atá ag éirí as (retiring) um Cháisc (Easter).
Tá Bríd ag múineadh anseo i nGaelscoil Uí Ríordáin (teaching) ó 1984. Tréaslaimíd agus gabhamid buíochas léi as an éacht oibre atá déanta aici do scoláirí agus do phobal Ghaelscoil Uí Ríordáin.
(We congratulate and thank Bríd for the trojan work she has done for the students and community of Gaelscoil Uí Ríordáin.)
Déanfaimid céiliúradh le chéile i Mí an Mheithimh ar na blianta aoibhinne atá caite ag Bríd ag múineadh páistí agus ag treorú na scoile. Beidh Aifreann Céiliúrtha agus ceolchoirm speisialta (a celebratory Mass & seó speisialta in June, date to be confirmed) againn do Bhríd sa halla. Seolfaimid tuilleadh eolais faoi amach anseo.
Mar fhocal scor inniu , guímid Beannachtaí na Cásca oraibh ar fad agus fágfaimid
slán speisialta leatsa, a Bhríd.
A Bhríd, a chara,
Braithfear uainn tú!
Bhaineamar sásamh as tú a bheith linn.
Bhí sé de phribhléid againn aithne a bheith againn ort agus go raibh tú inár dteannta.
Ár mbuíochas leat as d’éirim agus do dhúthracht a roinnt chun leasa na scoile.
Chabhraigh tú linn ár nGaeltacht féin a fhás agus a chothú i nGaelscoil Uí Ríordáin. Chuir do líofacht agus do shuim sa Ghaeilge go mór le fís na scoile.
Go n-éirí leat agus sonas chugat.
Guímid gach dea-rath ort féin agus ar do chlann i gcónaí.
Bain sásamh as an gcéad chaibidil eile de do shaol,
Gura fada buan tú…..
Le gach dea-ghuí,
Gabriel & Gaelscoil Uí Ríordáin.
Comments are closed.