Staid Aviva

Lá stairiúil don scoil a bhí ann ar an gCéadaoin, 29ú Bealtaine 2024 nuair a thug cailíní Rang a 5 agus Rang a 6 aghaidh ar an bpríomhchathair do Chraobhacha na hÉireann san Aviva! Niall agus Sinéadín a bhí ar an taobhlíne leo agus iad ag imirt ar son na Mumhan. Lucht leanúna ó Rang a 6 ar fad a d’imigh leo go moch ar maidin. Tá an scoil iomlán chomh brodúil as foireann na gcailíní agus an sár-iarracht a rinne siad an lá seo. D’imir siad agus bhuaigh siad cúpla cluiche, shroicheadar an craobh agus d’imigh sé chomh fada le ciceanna éirice! Bhí siad thar barr agus gach duine chomh buíoch as dul leo chuig an Aviva! An rud is annamh is iontach! Maith sibh a chailíní.

Comments are closed.

Designed By