Stair na Scoile
Thosnaigh Gaelscoil Uí Ríordáin amach le 17 dalta sa rang Naíonáin Bheaga, Meán Fómhair 1983 i gCúl Rua, Baile an Chollaigh le Gabriel Ó Cathasaigh. Lonnaithe i seomra ranga bheag in airde ar siopa aitiúil nach mór 40 bliain ó shin.
D’fhás an scoil bliain i ndiaidh bliana agus tá thart ar 762 dalta ag freastal ar 33 ranganna anois Meánfómhair 2022/23. Tá breis is 44 múinteoir ar an bhfoireann agus 10 chúntóirí ranga speisialta. Tá ré úr nua tosnaithe anois san fhoirgneamh breá fairsing i gceartlár Bhaile an Chollaigh, Co.Chorcaí.
Ar an Máirt 6ú Samhain 2012 tar éis na blianta fada ar thóir scoil nua d’fhág 530 scoláire chomh maith leis na céadta tuismitheoirí agus foireann na scoile slán leis an tsean fhoirgneamh i gCúl Rua agus le chéile shiúil siad an 3km chun na scoile nua i gCarraig an Earra.
B’aoibhinn an ócáíd í seo. Bhí slua mór ar thaobh na sráide idir siopadóirí, cuairtóirí agus strainséirí. Bhí gach éinne chomh sásta na páistí a fheiscint ar an mbóthar chun na scoile nua.
Ainmníodh Gaelscoil Uí Ríordáin i ndiaidh an fhile Seán Ó Ríordáin. Sa dán “Cúl an Tí” deir sé “Tá Tír na n-óg ar chúl an tí, Tír álainn trína chéile.”
Tugann an líne seo cur síos ar fís na scoile. Scoil lán de spórt is d’áthas. Iontas na n-iontas i ngach seomra ranga, i ngach cúinne agus siúltán. Ceol is scléip i gcoischéim na leanaí agus iad ag rince mórthimpeall na scoile.
History
Together in September 1983 Gabriel Ó Cathasaigh agus 17 junior infant pupils and their parents started Gaelscoil Uí Ríordáin in Cúl Rua on the west side of Baile an Chollaigh above a local shop. The school grew and flourished steadily over the following three decades. Now in September 2022 there are 762 pupils on the school roll with a staff of 44 teachers and 10 Special Needs Assistants.
On Tuesday November 6, 2012, after years of campaigning, 530 happy pupils, along with staff and hundreds of parents, bid farewell to the old rented school building at Cúl Rua and walked the 3km journey to our new building at Carraig an Earra.
This was a joyous and momentous occasion as we wound our way through the beautiful village of Baile an Chollaigh. Shopkeepers, shoppers and onlookers alike wished us well as we finally locked the doors of our rented accommodation, which had been our home for the past 29 years.
Gaelscoil Uí Ríordáin is named after the late poet Seán Ó Ríordáin,who lived in Inis Cara, and who wrote the well known poem ‘Ar Cúl an Tí’. The first verse of the poem is in the childrens’ school diaries referring to the land of Tír na n-Óg, the land of the young.
Gaelscoil Uí Ríordáin is referred to as our own “Tír na n-Óg” where everyone does their best and enjoys each day. A warm welcome with happy faces and lively footsteps adorn in classrooms, corridors and around every corner.