
Bhí lá iontach ag Rang a 6 i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite 13ú d’Eanáir. Chuaigh siad ar turas go stiúideonna RTÉ. Bhí taifead á dhéanamh in RTÉ don chlár teilifíse ‘Cleas Act’ a bheidh ar siúl go luath. Chan grúpa pháistí ó na Ranganna seo ann ar an lá, agus ansin chan siad le chéile le grúpa amhránaithe ó phobail na háite atá ceangailte leis an scoil. Bíonn an grúpa daoine seo ag cabhrú leis na Bailte Slachtmhara Bhaile an Chollaigh chomh maith.
Thug lucht féachana Rang a 6, na múinteoirí agus na tuismitheoirí a bhí ann an-thacaíocht agus spórt is spraoi don ócáid freisin, buíochas leo.
Tá buíochas mhór freisin ag gabháil do gach duine a chabhraigh leis an lá a eagrú. Tháinig Órla, Colm, Éanna, Emma, Evelyn, Gráinne, Diarmuid, Elaine, Mícheál agus Gabriel ar an turas leis na daltaí scoile. Chabhraigh Fiona, Pauline agus Sinéad go mór san oifig roimh ré.
Craolfar an clár teilifíse ‘Cleas Act’ faoi saol na scoile i nGaelscoil Uí Ríordáin ar TG4 i Mí an Mhárta le Cúnamh Dé!!!
Bí ag faire amach dóibh…
Comments are closed.